Bíonn gach ainmhí ag braith ar fhoinse sheasta cothaithe chun go mbeidh siad slántiúil agus folláin. Is féidir cur le sláinte stoc, ainmhithe seó agus peataí araon thrí ábhar Titan™ a úsáid agus is foinse iontach lán-nádúrtha é chomh maith. Tá sé cruthaithe arís agus arís eile ag an fheamainn dhonn san mbéile ceilpe (Ascophyllum nodosum) atá againn go neartaíonn sé sláinte agus dul chun cinn na n-ainmhithe. Tá an fhianaise le feiceáil san taighde eolaíochta chomh maith leis an traidisiún. Cur le cothú an bhia le Titan™ do Ainmhithe.
Cad a dhéanann vitimíní agus mianraí do na hainimhithe? Tugann siad cúnamh ar go leor bealaí:
Ó tharla nach bhfuil sé ar chumas go leor ainmhithe na vitimíní agus mianraí thábhachta seo a thógáil isteach, bíonn foinse maith cothú ag teastáil uathu. Cuireann an Ascophyllum nodosum a bhaintear go hinbhuanaithe ar chósta thiar na hÉireann na vitaimíní seo ar fáil, chomh maith le mianraí agus ábhar sláintiúil eile.
Cuirfidh Titan™ do Ainmhithe sláinte do chuid ainmhí chun cinn, tá sé lán le vitimíní, mianraí, aimínaigéid agus ábhar eile a ghlactar isteach sa gcorp go héasca. Tá an bia a bhíonn againn 100% nádúrtha agus:
De bharr an bhéim a chuireann muid ar chaigheán an phróisis is cinnte go ndéanfaidh Titan™ do Ainmhithe leas do do chuid eallach mar gur táirge é atá glan, nádúrtha agus sábháilte.