Ár Scéal Féin

 

Ón tús léirigh Arramara meas agus tuiscint ar leith ar an bhfeamainn mar fhoinse luachmhar in iarthar na hÉireann.  Molann muid inbhuanaitheacht, bainistíocht acmhainní agus chomh maith leis seo bíonn muid ag braith ar bhainteoirí a chleachtaíonn modhanna bainte nach ndéanann dochar don timpeallacht. Mar thoradh ar seo go léir tá feamainn le fáil go flúirseach fós in uiscí an chósta Atlantaigh.

Tuigeann muid go rí-mhaith go bhfuil freagracht ar leith orainn maidir leis an an éiceachóras áitiúil, ár gcuid fostaithe, bainteoirí agus muintir Chonamara. Faigh a thuilleadh eolais maidir leis an éileamh atá anois ar an bhfeamainn  Éireannach  ar fud an domhain.

Fostaithe

Bhí páirt lárnach i gcónaí ag ár gcuid fostaithe i ndul chun cinn ár dtáirgí feamainne , an geilleagar áitiúil chomh maith le cúrsaí inbhuanaitheachta amach sna blianta atá romhainn. Faigh amach faoi na daoine éirimiúla a tharraing clú agus cáil ar Arramara.

Bainteoirí

Tá na bainteoirí  a bhíonn ag obair againn mar chnámh droma Arramara Teoranta. Faigh tuilleadh eolais ar an gcaoi a thacaíonn a gcuid oibre leis an ngeilleagar áitiúil.

Stair

Le breis agus 70 bliain anois tá Arramara ag próiseáil feamainne ar chósta thiar na hÉireann.  Faigh tuilleadh eolais fúinn,  ár n-oidhreacht agus ár dtraidisiúin.

Fís Arramara

Le: Jean-Paul Deveau, Cathaoirleach ar an mBord, Arramara Teoranta

Táim sásta anois ó ghlac muid úinéireacht ar Arramara Teoranta i mí na Bealtaine 2014, go bhfuil Acadian Seaplants  tar éis ár ndualgais go léir a chomhlíonadh.  Táimid ag obair go fonnmhar  lenár gcuid Fostaithe, Lucht bainte feamainne, custaiméirí agus geallshealbhóirí eile chun go mbeidh  borradh á chur leis an gcomhlacht ar mhaithe le gach éinne. Mar gheall ar infheistíocht, eolaíocht acmhainne agus cleachtais bhainistíocht Inbhuanaithe ar Acmhainní, tá fáil leanúnach anois ag custaiméirí ar tháirgí Arramara. Tá tuilleadh dlúis curtha lenár gcuid margaí anois freisin a chuimsíonn seacht dtír eile.

 

Dúirt mé é seo cheana agus ba mhaith liom béim a chur arís air, murach an soláthar feamainne  chuig Arramara Teo. ní bheadh aon rath ar an gcomhlacht. Leanfaidh Arramara ar aghaidh ag ceannacht feamainne ó lucht bainte áitiúil agus déanfaimid ár seacht míle dícheall barr feabhais a chur ar an gcaidreamh seanbhunaithe seo amach sna blianta atá romhainn.

Tá todhchaí maith ag Arramara. Is léir dhom go mbainfidh an comhlacht leas as na deiseanna nua fáis de thoradh infheistíochtaí agus aistriú eolais ó Acadian.

Aithním na freagreachtaí  atá ar Arramara maidir leis an ngeilleagar áítiúil agus freisin go ndéanfaimid cinnte go mbeidh muid ag tacú leis an teanga, an  cultúr agus an oidhreacht dhúchasach.  Ní amháin go mbeidh an comhlacht ag forbairt ann fhéin, ach beidh sé ag feidhmiú go láidir sa bpobal chomh maith.

Tá an-bhród orm go bhfuil  aitheantas domhanda bainte amach ag ár gcomhlacht mar gheall ar ár gcleachtais bhainistíocht Inbhuanaithe ar Acmhainní, ár  taighde, ár gcumas nuálaíochta maidir le táirgí agus próiseáil agus chomh maith leis seo rannpháirtíocht i bpobal ár bhfostaithe.  Leanfaidh muid ar aghaidh ag roinnt na dea-chleachtais seo chun go mbeidh gach rath ar Arramara, na geallshealbhóírí go léir agus ar thionscail feamainne na hÉireann.

Titan Seaweed Product Logo

Ar mhaith leat triail a bhaint as ár dtáirgí Titan™?

D’fhéadfá rá gur clann é Arramara níos mó ná gnó atá ag cruthú todhchaí inbhuanaithe d’Éirinn

Eolas fúinn agus ár ndream

arramara collage square

Ag úsáid cleachtais inbhuanithe maidir le baint feamainne agus bainistiú a dhéanamh ar acmhainní, is féidir feamainn a choinneáil mar acmhainn in-athnuaite

Eolas faoi na cleachtais inbhuanaithe a úsáideann muid