Creideann muid gur chóir go mbeadh comhlacht láidir sásta cabhair a thabhairt don phobal neartú chomh maith ar go leor shlite éagsúla. Sin é an fáth gur cúis áthais anois dhúinn an tógra chruaitheach pobail atá le feiceáil ag geataí an mhonarchan. Ní raibh anseo ar dtús ach tógra beag garraíodóireachta, anois tá cuma iontach ar an láthair ag tabhairt nod don traidisiún agus ag baint gáire as cuairteoirí a bhíonn ag dul thar bráid.
Mar atá le feiceáil san ghrianghraf, rinne muid athruithe ar leith ar bhád a bhí tréigthe ag Céimh Chill Chiaráin, deirtear gur bád leathdheice a bhí inti, sé sin bád beag a húsáideadh i gcóir iascaireachta. Mar a fheiceann tú, cineálacha éagsúla bláthana agus duiliúr dúchasach ar taispeántas inti, ach d’fhéadfadh a lán staire a bheith ag baint leis an sean-bhád seo.
Ceaptar go bhfuil baint ag an bád leathdheice seo leis an ngeál Ioruach a bhíodh in úsáid go príomha le haghaidh iascaireacht. Bhí na geáil Ioruach go hiomlán oscailte agus décheannach, sé sin bhí siad géar ó bhall go posta. Bhí cáil ar na báid seo go raibh siad sábháilte, fóinteach agus nach mbeadh aon stró ar bheirt fhear iad a chrochadh amach ón uisce.
Bhí na geáil an-éifeachtach go háirithe in áiteanna a raibh áiseanna teoranta sa gcalafoirt, mar shampla Maighe Eo agus Gaillimh. Tá an bád clinse décheannach beo fós ach de ghnáth bíonn siad seo ag feidhmiú ar bhonn innealta mar atá le feiceáil sna báid leathdheice i dTír Chonaill agus an geál iascaireachta i gCill Locha.
Is breá an rud é oidhreacht shaibhir na hÉireann a fheiceáil caomhnaithe sna curachaí, na Púcáin, na Geáil, i mBáid na mbainteoirí agus na báid eile a bhíonn ag dul thar Arramara amach le cuan.
Bhí fostaithe Arramara ag iarraidh an oidhreacht stairiúil seo a bhaineann le acmhainní na farraige a chaomhnú. “D’fhéadfadh sé go raibh bád den gcineál seo in úsáid ag ár seanaithreacha, ár n-aithreacha, uncailí nó deartháireacha chun feamainn a bhaint nó ag iasacaireacht”, a deir Maura Flaherty, Bainisteor Caighdeáin agus Sábhilteachta Arramara. “Bhí sé tábhachtach dhúinne go dtaispeáinfeadh an tionscail áilleachta seo ár n-oidhreacht mar a bhaineann sé le acmhainní farraige, rud atá chomh tábhachtach céanna sa lá atá inniú ann agus a bhí fadó agus a bheidh do na glúnta amach romhainn freisin”.