Nuacht & Blag

Nuair a bhíonn ball foirne Arramara ag dul ón monarcha próiséala go dtí an oifig go laethúil, castar go leor cuairteoirí orainn a bhíonn faoi gheasa ag áileacht Chéibh Chill Chiaráin. Is breá linn a bheith ag obair anseo agus go deimhin deireann a lán daoine go bhfuil an t-ádh linn a bheith fostaithe i bhfoirgnimh a bhfuil an oiread staire ag baint leis agus i láthair atá chomh gleoite leis.

Tá a fhios againn go  maith go bhfuil an t-ádh glan orainn a bheith ag obair anseo agus muid chomh garr don chladach i gCill Chiaráin, agus déanann muid ár ndícheall go mbeidh an tuiscint chéana ag na cuairteoirí a thagann anseo.

Le linn an tsamhraidh i 2013 agus arís i 2014, rinne ár gcuid fostaithe roinnt oibre ar an láthair i gCill Chiaráin go mbainfeadh cuairteoirí níos mó taitneamh as, mar shampla:

  • Ag déanamh athruithe ar leith ar an sean-bhád atá suite díreach taobh amuigh de gheata an mhonarcha, creideann muid anois go bhfhuil sé ar an bpota bláthanna is mó i gConamara. Tá buíochas ag dul do Mháirtín Ó Maoilchiaráin a thug cead dhúinn na hathruithe seo a